Tá Gael Linn trí scór bliain ar an bhfód, agus sa leabhar seo déantar cur síos cuimsitheach ar eagraíocht Ghaeilge a raibh ceannródaíocht, nuálaíocht agus fiontraíocht ar leith ag baint léi ón lá a bunaíodh í. Cuimsíonn an saothar seo blianta tosaigh na heagraíochta nuair a tugadh Linnte Ghael Linn ar an saol, bunaithe ar thorthaí chluichí gaelacha, agus biongó ina dhiaidh sin, agus an chaoi ar leathnaigh gníomhaíochtaí na heagraíochta go raibh sí páirteach i dtionsclaíocht, siamsa, oideachas, foilsitheoireacht, scannánaíocht agus go leor eile.