Ba in Amharclann an Gaiety, Baile Átha Cliath, ar an 30ú Márta 1969, a thug Seán Ó Riada, Ceoltóirí Chualann agus Seán Ó Sé ceolchoirm mar chomóradh ar dhá chéad bliain ó bhásaigh Peadar Ó Doirnín, file ó cheantar Oiriall. Ba é Seán Ó Mórdha a léirigh an cheolchoirm.
Chun an tinreamh a uasmhéadú cuireadh de chúram ar oibrithe Gael Linn glaoch a chur ar shaoránaigh na príomhchathrach san eolaire gutháin a raibh n-ainm i nGaeilge agus ticéid a dhíol leo. D’oibrigh an tseift. Tháinig na sluaite.
Ba chor cinniúna í an cheolchoirm agus an taifead a eisíodh ina dhiaidh i gceol traidisiúnta na hÉireann. Agus é ag machnamh ar Ó Riada do na nótaí muinchille don chéad eisiúint in 1970, chreid Seán Mac Réamoinn, ‘…d’fhéadfadh go mbeadh duine ag súil le rudaí suntasacha ó dhuine a raibh a éirim agus a thionchar, go háirithe sna deich mbliana roimh a bhás, tar éis claochlú radacach a dhéanamh ar shaol an cheoil Ghaelaigh.’
Ba ó Ó Cearbhalláin, réamhtheachtaí Uí Riada ón 18ú haois, go leor de na píosaí a roghnaigh Ó Riada an oíche úd. Chuir na rianta ar an albam, a n-eagrú agus a léiriú, go mór le hathchóiriú ár n-oidhreachta ceoil, rud a spreag na glúnta a tháinig agus a thiocfaidh ina dhiaidh. Ensemble ceoil thraidisiúnta a bhí i gCeoltóirí Chualann faoi stiúir an Riadaigh a chuaigh ar an stáitse an oíche iomráiteach seo i gomhar leis an amhránaí as Condae Chorcaí, Seán Ó Sé. Chuaigh oirfidigh Ó Riada sa Gaiety ar aghaidh le bheith ina n-ainmneacha a d’aithneodh duine ar bith: Paddy Moloney, Éamon de Buitléir, Peadar Mercier, Martin Fay, Seán Keane, John Kelly, Seán Potts, Micheal Tubridy agus leoga Seán Ó Sé.