Fondúireacht neamhpholaitiúil, neamhrialtasach is ea Gael Linn, a bunaíodh sa bhliain 1953. An phríomhaidhm aici ná an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur cinn ar fud Éireann uile mar theanga bheo agus mar spreagadh féiniúlachta. Tá oifigí Gael Linn lonnaithe I mBaile Átha Cliath agus in Ard Mhacha.
Ceanneagraíocht
Sa bhliain 2014, aithníodh Gael Linn ar cheann den sé cheanneagraíocht a bheadh le bunmhaoiniú ag Foras na Gaeilge. Mar cheanneagraíocht, ‘siad seo roinnt de na feidhmeanna atá leagtha orainn:
· Oideachas in Earnáil an Bhéarla- taighde agus áiteamh i leith theagasc na Gaeilge, tacaíocht do mhúinteoirí agus soláthar áiseanna.
· Oideachas d’Aosaigh-soláthar agus éileamh ar ranganna agus áiseanna a chur chun cinn.
· Deiseanna Úsáide do Dhaltaí Scoile-
o Gaelbhratach a fhorbairt
o gréasáin úsáide Gaeilge scoil-bhunaithe a bhunú agus a bhuanú
o sraith d’imeachtaí seach-churaclaim a éascú agus a chomhordú
Eagraíocht náisiúnta is ea Gael Linn a bhfuil láimhdeachas bliantúil de thart ar 3.5m.
B'ionann ioncam ó fhoinsí deonacha agus 28% d'ioncam Gael Linn don bhliain 2013. Tháinig 29% den ioncam ón stát agus tháinig an fuíollach ó tháillí a ghearrtar ar chúrsaí agus ar sheirbhísí eile, agus ó ioncam infheistíochta.
Tá tacaíocht ar fáil d'obair Gael Linn ón fhoireann agus ó shaineolaithe airgeadais, rialachas corporáideach, teicneolaíocht faisnéise, pearsanra, abhcóideacht agus cistíocht.