Sa leabhar seo tá cur síos ar stair na hamharclannaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath sa dara leath den aois seo caite. Ba é Gael Linn a thionscnaigh Amharclann an Damer agus a stiúir é ó 1955 go dtí 1976. Le linn an ama sin, bhí An Damer ina chuid lárnach de shaol sóisialta phobal na Gaeilge san ardchathair.
Ar na buanna ba mhó a bhain leis an Damer :
· Bhí buanionad lárnach aige ar Fhaiche Stiabhna
· Trín Chlub Drámaíochta, chothaigh sé lucht leanúna
· Chuir sé borradh faoin drámaíocht amaitéarach
· Spreag sé scríbhneoirí chun drámaí nua a scríobh
· Chothaigh sé ardchaighdeán i ngach gné den obair
Drámadóirí: Ar na drámadóirí a scríobh don Damer bhí : Eoghan Ó Tuairisc, Seán Ó Tuama, Breandán Ó Beacháin agus Máiréad Ní Ghráda. Tá saothar na ndrámadóirí seo ina chrann taca go fóill ag complachtaí drámaíochta ó cheann ceann na tíre. Stiúrthóirí: Bhí sé d’ádh ag an Damer go raibh stiúrthóirí gairmiúla mar Phroinsias Mac Diarmada agus Tomás Mac Anna ag obair ann. Chothaigh An Damer léiritheoirí óga den chéadscoth, cuid acu a bheadh ag plé go gairmiúil le hobair léirithe nó aisteoireachta ina dhiaidh sin m.sh. Niall Tóibín, Noel Ó Briain, Seán Ó Briain agus Dónall Farmer.
Aisteoirí: Thug An Damer deis don iliomad daoine a gcuid tallann aisteoireachta a thabhairt chun foirfeachta. Ar na daoine a thosaigh san Damer agus a chuaigh le gairm na haisteoireachta bhí Áine Ní Mhuirí, Máire Ní Ghráinne, Breandán Ó Dúill agus Fionnula Flanagan. Ach bhí daoine amaitéaracha a shroich ardchaighdeán aisteoireachta, ach go háirithe Séamas Ó Tuama agus Séamas Páircéir.
Riobard Mac Góráin: Tá an saothar seo tiomnaithe do Riobard Mac Góráin, iar-Cheannasaí Gael Linn. Bhí Riobard ina chrann taca ag Amharclann an Damer ón uair a bunaíodh é agus is a bhuíochas dá chuid iarrachtaí siúd, ach go háirithe, go raibh drámaí Gaeilge ar stáitse an Damer ar feadh breis agus fiche bliain. Is ar bhonn deonach a d’fheidhmigh formhór mór na ndaoine a raibh baint acu leis an Damer, mar aisteoirí, mar stiúrthóirí agus mar riarthóirí. An aisling a bhí ag Gael Linn ná go mbeadh An Damer ina hamharclann phroifisiúnta.
Déantar cur síos anseo ar na hiarrachtaí a rinneadh agus ar an toradh a bhí orthu. Bliain is fiche a mhair An Damer faoi choimirce Gael Linn (1955-1976). Bhí chomplacht proifisiúnta ann ina dhiaidh sin (ó 1978 go dtí 1981) mar chomhfhiontar idir Bord na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon.
An leabhar An Damer: Stair Amharclainne le Máiréad Ní Chinnéide
Clár na Léirithe: Gné thábhachtach den leabhar seo ‘sea an liostáil a thugtar ann de na léirithe uile a bhí ar stáitse an Damer. Beidh an t-eolas seo in chabhair ag daoine a raibh baint acu leis an Damer agus leo siúd ar suim leo stair na hamharclannaíochta. I gcásanna áirithe, tugtar míreanna as léirmheasanna comhaimseartha.
Grianghraif: Is mór mar a chuireann grianghraif leis an leabhar seo; tugann siad léargas dúinn ar áilleacht na gcultacha agus ar an dua a chaití sa Damer le stáitsiú dhrámaí.
An t-údar: Saor-iriseoir agus údar í Máiréad Ní Chinnéide. Chaith sí an-dua ag labhairt le daoine a raibh baint acu leis an Damer agus ag cíoradh cáipéisí. Scéal suimiúil, so-léite scríofa aici anseo.