D’eascair an leabhar seo Aspects of a Shared Heritage, ó obair thrasphobail de chuid Gael Linn a thosaigh sna 1990í agus a raibh d’aidhm aici míthuiscintí idir an dá mhórphobal a mhaolú. Tá tacaíocht faighte ag Gael Linn ó Fhoras na Gaeilge don obair thrasphobail agus don fhoilseachán seo. I sraith d’altanna suimiúla, déantar gneithe den chomhoidhreacht idir an dá thraidisiún a chíoradh- idir cheol, logainmneacha, thaithí fhoghlaimeoirí ó chúlraí éagsúla. Tugtar neart samplaí agus tá an leabhar leagtha amach go healaíonta.Cé gur leabhar beag go leor é Aspects of a Shared Heritage, beidh tionchar nach beag aige ag cuidiú le daoine tuiscint níos iomláine a bheith acu ar ár gcomhoidhreacht.