Báidín Fheidhlimí - Cnuasach de Shingilcheirníní

Various
SKU: CEFCD204
€14.99

Bailiúchán atá anseo de cheirníní singil a d’eisigh Gael Linn idir 1968 agus 1980. Cloistear cuid de na hoirfidigh óga a bhain cáil amach níos déanaí- Dónal Lunny, Paul Brady, Clannad, muintir Uí Dhomhnaill… 

Amhráin nua-scríofa agus leaganach nua de roinnt seanamhrán atá anseo. Chuaigh na ceriníní i bhfeidhm go mór ar phobal na linne. Go deimhin, bhain ‘Baidín Fheidhlimí’ agus ‘An Poc ar Buile’ áiteanna amach sna cairteanna.

Tagann tú ar rudaí suimiúla anseo- gurbh é Roger Whitaker a scríobh an ceol don amhrán ‘Cóilín’, go raibh Neil Jordan agus Niall Stokes ag tionlacan ar ‘An Damhán Alla’ agus ‘An Cailín Álainn’, go raibh Niall Tóibín agus Jim Doherty ag plé le hamhráin Ghaeilge. Suzanne Murphy, a bhí ina ball de WE 4, is réalt anois í le Welsh National Opera.

Spreagfaidh an t-albam seo cuimhní go leor den tréimhse ina raibh bailéid i mbarr a réime sna tithe tábhairne agus i gclubanna na tíre. B’iad Emmet Spiceland an chéad ‘boyband’ Éireannach lena gcultacha faiseanta agus stíl ghruaige. Chuir Skara Brae go mór leis an amhránaíocht as Gaeilge lena gcomhcheol binn. Maireann a lán de na hamhráin seo, ar nós ‘Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair’ a scríobh Proinsias Ó Maonaigh agus a cheol The Johnstons.

Sa leabhrán a ghabhann leis an albam, tugtar focail na n-amhrán go léir, rud a chuideoidh le daoine ar mian leo na hamhráin a fhoghlaim. Is díol suntais na grianghraif de na hoirfidigh agus clúdaigh ealaíonta na gceirníní atá sa leabhrán freisin. Nótaí scríofa ag Shay Healy agus Nioclás Ó Cearbhalláin.

Cnuasach speisialta é seo a thugann le chéile grúpaí agus stíleanna ceoil atá lán le beocht agus sofaisticiúlacht a linne.

Seasann caighdeán an cheoil go fóill. Bain sult as!

1 Báidín Fheidhlimí        Emmet Spiceland
2 Nóra Bheag               Emmet Spiceland
3 Gleann na Smól         Deirdre Downes & The Broadsiders
4 Mo Theaglach                                    Deirdre Downes & The Broadsiders
5 Cóilín                                                We4
6 Ná hOscail do Bheola                          We4
7 Ólain Puins                                         Emmet Spiceland
8 Tá na Báid                                         Emmet Spiceland
9 Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair        The Johnstons
10 An Banbh                                         The Johnstons
11 An Poc ar Buile                                 Seán Ó Sé
12 Fan A Mhic, Tá Tú Ró-óg                    Breandán Ó Dúill & Skara Brae
13 An Damhán Alla                                Tomás Mac Eoin, Tomás Mac Con Iomaire & Máirtín Mac Donnchadha
14 An Cailín Álainn                                 Tomás Mac Eoin, Tomás Mac Con Iomaire & Máirtín Mac Donnchadha
15 Cuan Bhaile na Cúirte                        MacMurrough
16 Ar Bhruach Loch Léin                         Golden Dawn
17 An Bealach seo 'tá romham                Clannad
18 Faoileán                                            Tríona Ní Dhomhnaill, Maighread Ní Dhomhnaill, Michael Ó Domhnaill & Dónal Lunny
19 Neansaí                                             Dermot O'Brien

Mar aon leis an earra seo a cheannach, cheannaigh custaiméirí

SKARA BRAE

MAIGHREAD NÍ DHOMHNAILL, TRÍONA NÍ DHOMHNAILL, MÍCHEÁL Ó DOMHNAILL & DÁITHÍ SPROULE
€14.99

Fáinne Óir

Ó €5.00

Cúpla Focal

Ó €4.50