Tá cáil ar cheantar Charna as a shaibhreas ceoil agus amhrán. Tá Johnny Mhairtín Larry ar dhuine de na hamhránaithe is binne agus seo cnuasach de na hamhráin is ansa leis. Ar an albam freisin, tá an boscadóir Máirtín Ó Cualáin, nach maireann.
Sa bhliain 1985, bhain Johnny Corn Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge. An bhliain chéanna bhuaigh, sé an comórtas sean-nóis ag Féile Dhúiche Sheoigheach. Bhain sé an chéad duais amach ag an gComórtas Pan Cheilteach i gCill Airne i 1986. Tá moltóireacht déanta aige ar go leor comórtais. Is iomaí turas déanta aige chuig féilte agus feiseanna ar fud na tíre agus thar lear – Meiriceá, Sasana, An Fhrainc, an tSairdín agus An Tuirc. Tá aithne ar Johnny ag éisteoirí Raidió na Gaeltachta agus is minic iarratais don amhrán ‘Contae Mhaigh Eo’ le cloisteáil air