Ceol ar an bhFeadóg Stáin

Donncha Ó Briain
SKU: CEFCD199
€14.99

Ball de chlann cheolmhar Uí Bhriain ó Bhaile Átha Cliath ab ea Donncha. D’fhoghlaim sé féin agus a chuid deartháireacha Mick, Tom, Andrew agus John a gcuid ceoil óna n-athair Dinny. In ainneoin go raibh an galar diostróife mhatánach air, d’éirigh le Donncha barr feabhais a bhaint amach ar an bhfeadóg stáin. Sa bhliain 1979, d’eisigh Gael Linn fadcheirnín leis a thuill ardmholadh agus tá dlúthdhiosca á eisiúint anois ar a bhfuil roinnt traiceanna breise a thaifead Raidió na Gaeltachta. Cailleadh Donncha i1990 agus é in aois 30.

Ceol feadóige den scoth atá le cloisteáil ar an albam seo - ‘The Dublin Reel’, ‘The Ivy Leaf’ agus ‘Seán sa Cheo’, píosa a thaitin go mór le Donncha. Paddy Glackin a rinne léiriú ar an albam agus dúirt sé ina leith:

Aoibhneas na beatha an tréith is suntasaí sa chnuasach seo. Castar gach fonn le dearfacht agus le stuaim– tréithe nach mbíonn ach ag an té a thuigeann idir áilleacht agus chruálacht an tsaoil.

Seinneann clann Dhonncha ar dhá thraic agus ar ‘The Maid of Mont Cisco’, tá tionlacan ar an ngiotár ag Mark Kelly, cara mór Donncha. Ar an traic deiridh, cloistear Johnny Connolly ag seinm ‘An Chathaoir Rotha Scaoilte’, an port a chum Charlie Lennon in onóir do Dhonncha

 

Mar aon leis an earra seo a cheannach, cheannaigh custaiméirí

TRUP TRUP A CHAPAILLÍN

CANTAIRÍ ÓGA BHAILE ÁTHA CLIATH
€9.99

IDIR DHÁ CHOMHAIRLE - IN TWO MINDS

ÁINE UÍ CHEALLAIGH
€9.99

Gaeilge agus Fáilte

A course in Irish Language and Culture for Adults, it is designed for learners with no prior knowledge of Irish. The course focuses primarily on learning in groups but can also be used for self study.
€30.00