Ceolta Mhúscraí / Songs of Muskerry

Various
SKU: CEFCD202
€14.99

Cnuasach fíor-speisialta é seo ar a bhfuil oirfidigh ó cheantar Mhúscraí, ceantar iomráiteach amhránaíochta agus ceoil; ní fhéadfaí a sárú d’oirfidigh a fháil leis an dtraidisiún suaithinseach sin a léiriú.

Níor eisíodh riamh cheana na taifeadtaí seo le Diarmuid Ó Súilleabháin (1947-1991), Seán Ó Liatháin agus Máire Ní Cheocháin. Cloistear anseo chomh maith taifeadtaí le Seán Ó Síocháin as Cill na Martra nár chualathas cheana iad ach ar fhadcheirnín a eisíodh i 1960. Bhain Seán Ó Síocháin cáil amach mar amhránaí ar chláir raidió i lár an chéid seo caite agus seo an t-aon taifeadadh leis atá ar fáil.

Cailleadh Diarmuid Ó Súilleabháin go hóg agus eagraítear Éigse i gcuimhne air gach bliain ina bhaile dúchais. Tá cáil nach beag ar Sheán Ó Liatháin agus ar Mháire Ní Cheocháin as stíl dhúchasach a gcuid amhránaíochta.

Mar sméar mullaigh ar an mbailiúchán seo, tá leagan diamhrach den bhfonn ‘Aisling Gheal’ á sheinm ar an bpianó ag Seán Ó Riada. Rinne an taifeadadh seo ag ceolchoirm de cheol na Mumhan a thug sé i láthair gColáiste na hOllscoile, BÁC i Márta 1971, an bhliain chéanna inar cailleadh é. Níor eisíodh an rian seo riamh cheana.

1 Cuisle mo Chroí
2 Réidhchnoc Mná Duibhe
3 An Chúil Duibh Ré
4 Casam ar aon na Géanna Romhainn
5 Na Cleaganna
6 Turas go Tír na nÓg
7 Níl sé ’na lá
8 Eibhlín a Rúin
9 Seán is a Bhríste Leathair
10 Taidhgín Ó Cuill
11 An Síoda atá id’Bhallait
12 Réice Luimnigh
13 An Spealadóir
14 An Banbh
15 ’Sí mo Bhean an Rógaire
16 An Pónaí Beag Buí
17 Fiach an Mhada Rua
18 Bhíos-sa Lá i gCill Áirne
19 Aisling Gheal

 

Mar aon leis an earra seo a cheannach, cheannaigh custaiméirí

Ceol is Cibeal Chúil Aodha

PEADAR O RIADA AGUS CLAISCEADAL CHUIL AODHA
€14.99

DARACH Ó CATHÁIN

DARACH Ó CATHÁIN
€14.99

Scéal Ghael-Linn - Mairéad Ní Chinnéide

Foilsitheoir Cló Iar-Chonnacht
€20.00