Go gasta a bhain Clannad cáil amach i ndiaidh gur éirigh thar cionn leo sna 70í i Slógadh, féile a d’eagraíodh Gael Linn. Clann as Dobhar, i nGaeltacht Thír Chonaill, atá taobh den ainm. Léiríonn na hamhráin agus na foinn ar na halbaim luatha uathu ar lipéad Gael Linn go láidir an cóiriú uathúil a bhíodh Clannad ag déanamh den tseanstíl thraidisiúnta. D’aon iarraidh tá cumha agus buaine ag baint leis na taifeadtaí seo.
Tá an-áthas ar Gael Linn an t-albam seo, Clannad 2 (1974) a atáirgeadh agus Clannad ar chamchuairt cheiliúrtha i ndiaidh 50 bl. rathúil i ngnó an cheoil.
Tá Clannad 2 luaite ar na taifeadtaí is gá a bheith i seilbh ag lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta.
Dónal Lunny agus Mícheál Ó Domhnaill a léirigh Clannad 2 agus bhí an bheirt acu ina n-aoicheoltóirí ar an taifead fosta.
Tá an t-albam seo ar vinil ina earra álainn inbhailithe nach gcosnaíonn ach €20.00 + P&P.
Taobh 1:
An Gabhar Bán
Eleanor Plunkett
Coinleach ghlas an Fhómhair
Rince Philib a'Cheoil
By Chance It Was
Rince Briotánach
Taobh 2:
Dhéanainn Súgradh
Gaoth Barra na dTonn
Teidhir abhaile Riú
Fairly Shot of Her
Chuaigh mé 'na Rosann