Clannad Dúlamán LP

SKU: CEF058
€20.00

Go gasta a bhain Clannad cáil amach i ndiaidh gur éirigh thar cionn leo sna 70í i Slógadh, féile a d’eagraíodh Gael Linn. Clann as Dobhar, i nGaeltacht Thír Chonaill, atá taobh den ainm.

Léiríonn na hamhráin agus na foinn ar na halbaim luatha uathu ar lipéad Gael Linn go láidir an cóiriú uathúil a bhíodh Clannad ag déanamh den tseanstíl thraidisiúnta. D’aon iarraidh tá cumha agus buaine ag baint leis na taifeadtaí seo.

Tá an-áthas ar Gael Linn an t-albam seo Dúlamán (1976) a atáirgeadh agus Clannad ar chamchuairt cheiliúrtha i ndiaidh 50 bl. rathúil i ngnó an cheoil.

Dúlamán luaite ar na taifeadtaí is gá a bheith i seilbh ag lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta.

Ba é Nicky Ryan, a bhain clú amach mar léiritheoir ceol Enya, a léirigh Dúlamán.

 

Tá an t-albam seo ar vinil ina earra álainn inbhailithe nach gcosnaíonn ach €20.00 + P&P.

 

Taobh 1:


Dúlamán,

Cumha Eoghain Rua Uí Néill,

Two Sisters,

Éirigh suas a Stóirín,

The Galtee Hunt.

 

Taobh 2:


Éirigh is Cuir Ort do Chuid Éadaí,

Siúil a Rún,

Mo Mháire,

dTigeas a Damhsa,

Cucanandy / The Jug of Brown Ale.

 

Mar aon leis an earra seo a cheannach, cheannaigh custaiméirí

Clannad 2 LP

€20.00

Skara Brae LP

Is fadcheirnín vinil é seo. Níl dlúthdhiosca é seo.
€20.00

Blasta

VARIOUS
€9.99