CNUAS le Ceoltóirí Laighean (CD dúbailte)

Ceoltóirí Laighean
SKU: CEFCD190
€14.99

CNUAS is teideal do CD dúbailte de thaifeadtaí a rinne grúpa Éamon de Buitléar, Ceoltóirí Laighean, a céadeisíodh ar dhá fhadcheirnín sna seachtóidí, An Bóthar Cam agus Star of Munster. Is liosta le háireamh iad ceoltóirí an ghrúpa agus bhí Diarmuid Ó Súilleabháin agus Seán Ó Liatháin ó Chúil Aodha ag canadh leo.

CD 1: taifeadadh beo a rinneadh i 1973 ag ceolchoirm thacaíochta do Scoil Dhún Chaoin, tráth a raibh an scoil faoi bhagairt.

CD 2: taifeadadh stiúideo a rinneadh dhá bhliain níos déanaí agus a léiríonn an barrchumas a bhí bainte amach ag an ngrúpa ó thaobh comhcheoil de. Cloistear móramhrán na Mumhan ‘Mo Ghile Mear’ á chanadh ag Diarmuid Ó Súilleabháin.

Ba iad baill Ceoltóirí Laighean: Éamon de Buitléar, John Kelly, James Kelly, Mary Bergin, Paddy Glackin, Paddy O’Brien, Michael Crehan, Michael Gavin, Mícheál Ó hAlmhain, Peter Phelan agus Aibhlín McCrann. Diarmuid Ó Súilleabháin agus Seán Ó Liatháin na hamhránaithe.

Rinneadh athmháistriú digiteach ar na taifeadtaí atá á n-eisiúint ar dhioscaí den chéad uair; tá idir nótaí agus focail ag gabháil leo.

1 The Crooked Road, Duke of Leinster and his Wife
2 Sláinte Bhreá Hewlett
3 Airgead Réalach
4 Máthair mo chéile (song)
5 Sporting Nell, Lucky in love
6 Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna
7 Murtach Mac Cana
8 Do bheatha-sa a Pheaití
9 Morning Dew
10 Amhrán an steaimpí (song)
11 Gravel Walks
12 A ghrá luigh láimh liom
1 Cnoc na gClárach, Bainis Cnoc na gClarach
2 Miko Russell’s Ashplanty
3 Mo Ghile Mear (song)
4 An Chruach Tobac (song)
5 Carraig an Aoibhnis, An Spéic Seoigheach
6 An tSeanbhean Bhocht
7 Gáirdín na Nóiníní
8 Tom Billy’s Jig
9 The Star of Munster
10 Sleamhnán Inis Cathaigh
11 Dhá ghabhairín bhuí
12 Dinny Delany's

 

Mar aon leis an earra seo a cheannach, cheannaigh custaiméirí

CEOL AGUS AMHRÁIN

RANN NA FEIRSTE - VARIOUS
€9.99

NÍOCLÁS TÓIBÍN

NÍOCLÁS TÓIBÍN
€14.99