Céadalbam iomráiteach Eithne Ní Uallacháin, Gerry O’Connor agus Desi Wilkinson a eisíodh ar fhadcheirnín sa bhliain 1987, anois ar fáil ar dhlúthdhiosca den chéad uair! Canann Eithne ceithre amhrán ón traidisiún inar tógadh í agus tugann na ceoltóirí blaiseadh den fhómhar fairsing a bhí cruinnithe acu um an dtaca sin.
Ar an albam seo, cloistear binneas aoibhinn i nglór Eithne agus í ag ceol amhráin óna dúchas. Níos déanaí, thaifead sí tuilleadh amhráin leis an ghrúpa Lá Lugh, a raibh a fear céile Gerry O’Connor ina bhall de. Cailleadh Eithne go hanabaí i 1999.
Tá clú agus cáil bainte amach ag Gerry O’Connor ar an bhfidil. Béal Feirsteach é Desi Wilkinson a sheineann ar fhliúteanna éagsúla agus ar an fheadóg stáin.