Idir Dhá Sháile 2

Idir Dhá Sháile: Amhráin ar an Sean Nós Sarah Ghriallais, le Johnny Óg Connolly
SKU: CEFCD128
€14.99

Albam as an ghnách é seo, seoid a bhí ag luí i gcartlann Ghael Linn ó rinneadh an taifeadadh i 1987. Bhain Sarah Corn Uí Riada i 1984 agus ar an albam seo cloistear an ghile agus an úire ina glór. Ar an albam, cloisimid Sarah agus í ag gabháil de mhór-amhráin an traidisiúin, cuid acu nár thaifead sí aon áit eile.

Ar an albam freisin cloistear boscadóir óg darb ainm Johnny Óg Connolly, nuair nach raibh sé ach seacht mbliana déag! Ó shin, tá clú agus cáil tuillte ag Johnny Óg mar cheoltóir agus mar chumadóir.