IMLÉ - Fáilte Isteach

SKU: CEFCD217
€14.99

Is iad Pádraig Ó Conghaile (aka MC Muipéad) agus Cian Mac Cárthaigh stiúrthóirí IMLÉ ach bíonn ceoltóirí éagsúla ag casadh agus ag taifeadadh leo an t-am ar fad. Bíonn sé i gcónaí i gceist acu stíleanna ceoil a mheasadh agus rudaí úr agus éagsúil a léiriú.

Ar Fáilte Isteach, tá MC Muipéad agus Cian Mac Cárthaigh ar ais agus tá siad tar éis bailiúcháin nua do cheoltóirí a fháil ar an gceirnín seo ag casadh leo ina measc - Ríona Sally Hartman, Róisín Seoighe, Fergal Moloney agus Dave Hingerty.

Mar is iondúil le IMLÉ tá meascán stíleanna le brath ar an albam seo, idir trip-hop, ceol leictreonach, rac-cheol, indie agus damhsa. Tá roinnt athmheascadh le cloisteáil ar an albam chomh maith, péire ón léiritheoir ceoil Karl Odlum agus ceann amháin ón léiritheoir agus ceoltóir Albanach Ross Whyte.