Muintir Chatháin / The Keane Family

Muintir Chatháin
SKU: CEFCD107
€14.99

Céadeisiúint ar CD den albam álainn seo a eisíodh i 1985. Dolores Keane agus a muintir i mbun ceoil agus amhrán- Cill Chais, Dónal Óg, Anach Cuain, agus bailéid mhóra mar The May Morning Dew.

Bhí sé de bhua ag Dolores gur fhás sí aníos i dteaghlach a bhí báite go hiomlán i saibhreas ceoil. Bhí clú agus cáil bainte amach ag a beirt aintíní, Sarah agus Rita, i measc lucht an cheoil. Ach ní hí Dolores amháin a thug léi bua an cheoil ón tseanmhuintir. Ar an albam seo, cloistear a deirfiúracha Teresa agus Christina, a deartháireacha Matt, Seán, Pat agus Noel, chomh maith lena máthair Bridie, agus a hathair Matt.