Tá an grúpa Na Casaidigh ar cheann de na grúpaí teaghlaigh is deise agus is fearr aithne in Éirinn. I nGaoth Dobhair a rugadh an chlann agus tá cáil bainte amach ag an seisear mar gheall ar éagsúlacht a gcuid ceoil agus binneas a gcuid comhcheoil. Tá an Eoraip siúlta acu agus mórán turasanna tugtha acu ar Mheiriceá.
Ar an albam Oró na Casaidigh- Irish Childhood Songs faightear amhráin atá ar eolas ag na glúnta Éireannach agus a bhfuil gean orthu ag cách. Tá a gcionn féin déanta ag, Na Casaidigh leis na hamhráin a thabhairt suas chun dáta. Cuireann siad rithim chomhaimseartha leo agus tugann siad uirlisí breise san áireamh. Agus sin á dhéanamh acu, cuireann siad barr feabhais ar na hamhráin. Ar na huirlisí breise tá sharuti Indiach, druma ón Éigipt, giotár Spáinneach agus basún. Tá ceoltóirí iomráiteacha ina dteannta m.sh. Paul Moran, Steve Cooney agus Peter Eades.
Tagann teideal an albaim ó na hamhráin a bhfuil ‘Óró’ sa churfá acu: Óró Bog Liom Í, Óró ’Sé do Bheatha ’bhaile and Óró mo Bháidín
‘Siad na hamhráin eile ná:
1Óró Bog Liom Í
2 Óró s’é do Bheatha ’Bhaile
3 Bheir Mí Ó
4 Beidh Aonach Amárach
5 Do Bhíos-sa Lá i bPort Láirge
6 An bhfaca tú mo Shéamuisín
7 Cill Chais
8 Trasna na dTonnta
9 Tiocfaidh an Samhradh
10 Báidín Fheilimí
11 Óró mo Bháidín
12 Cad é sin don té sin
13 Oileán Í
14 Fáinne Geal an Lae
Bhain an t-albam stádas Platinum amach nuair a eisíodh é den chéad uair i 1997 agus táthar ag súil go gcuirfear na múrtha fáilte roimh an leagan athmháistrithe . Tá leabhrán ag gabháil leis an albam ina dtugtar focail na n-amhrán go léir.
Eisíodh albaim eile leis Na Casaidigh ar lipéad Gael Linn: Fead an Iolair (CEF108) agus 1691(CEFCD154)