P.J. Hernon

SKU: CEFCD065
€14.99

Tá 45 bliain imithe ó d’fhoilsigh Gael Linn an t-albam nuálach eapainmneach le P.J. Hernon agus é ag seinm ar an mhileoidin agus ar an bhosca ceoil.

 

Cé gur ceoltóir il-bhuach uile-Éireann a bhí ann ba mar scéalaí óg 4 bliana d’aois a tháinig P.J. ar aire Gael Linn ar dtús. I Mí na Bealtaine 1956, roinn P.J. óg agus a athair ardán An Damer le Tomás Cheaite Breathnach agus oirfidigh eile ón Ghaeltacht. Séamus Ennis a bhí ina fhear tí. Thóg na hoícheanta seanchais seo a d’eagraíodh Gael Linn cultúr bríomhar na Gaeltachta chuig lucht féachana i mBaile Áth Cliath agus áiteacha eile sna 50í, 60í agus isteach sna 70í.

 

Ba i gCarna a rugadh P.J. agus bhí a theaghlach ar an dá thaobh ar maos sa cheol traidisiúnta. D’fhás P.J. aníos ina mháistir-cheoltóir agus ina mhúinteoir ceoil fosta. Spreag Mickey Berry, ceoltóir as Carna nach maireann, P.J. agus thacaigh leis fosta agus é ag foghlaim a cheird sa cheol. Sa bhliain 1973, bhain P.J. craobh uile-Éireann ar an mhileoidin ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus ag an Oireachtas. Dá thairbhe seo gan dabht bhí Gael Linn ag iarraidh go mór an ceoltóir cumasach uathúil seo a chur ar taifead ar a gcatalóg a bhí ag dul i méid ag an am. Thaifead P.J. ceirnín eile ar lipéad Gael Linn lena a dheartháir Marcas a bhí ag seinm ar an fheadóg mhór agus ar an fheadóg stáin.

 

Chaith P.J. 4 bliana ag seinm le Shaskeen. Tá sé ina chónaí i gCo. Shligigh, le blianta fada anois agus ceangal láidir aige ansin le hIonad Ceoil Michael Coleman agus é bainteach le tionscnaimh go leor leis an ionad óna thús.

 

D’imir P.J. tionchar mór ar an cheol traidisiúnta agus glúnta ceoltóirí sa tóir ar a shaibhreas dúchais mar fhoinse inspioráide.

 

Tá a dhlúthdhiosca ar fáil ar lipéad Gael Linn, www.gael-linn.ie agus ar ardáin dhigiteacha.

Mar aon leis an earra seo a cheannach, cheannaigh custaiméirí

Mise Éire DVD

Seán Ó Riada
€19.99

Seán Ó Sé Saol in Song a Story

Seán Ó Sé
€19.99

TONY MACMAHON

TONY MACMAHON
€14.99