Tá Gael Linn tiomnaithe na sonraí pearsanta a roinneann sibh linn a choinneáil slán sábháilte.
An t-aon chúis a bhailíonn muid eolas pearsanta fút (ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir fóin) ná chun cibé gnó atá agat linn a chomhlíonadh , más é sin chun earraí a cheannach, chun íoc as cúrsa nó as ballraíocht Cairde Gael Linn. Úsáidtear do chuid sonraí pearsanta don chuspóir sin amháin agus ní roinneann muid an t-eolas le dream ar bith eile.
Coinníonn muid an t-eolas chun an gnó a chomhlíonadh agus ar feadh tréimhse ghairid i ndiaidh aon bheartais, ar eagla go mbeadh aon fhadhb leis an ordú.
Tá cead agat soiléiriú a lorg faoi aon eolas pearsanta a choinníonn muid fút agus iarratas a dhéanamh go scriosfaí an t-eolas sin, más sin is mian leat.