Scléip Buaiteoirí / Prizewinners 2019

SKU: Scleip19
€5.00

Ar an dlúthdhiosca seo, cloistear scoth na gceoltóirí ó chomórtas 2019! Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil do na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Cuirtear sé béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht. Tugtar deis do dhaltaí ceol, amhráin, agus rince a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.

 

1. ‘Trasna Na Néalta’  Hannah Nic Pháidín, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill

Aistriúchán ar Somewhere over the Rainbow ón gceoldráma The Wizard of Oz

An Chéad Áit, Amhránaíocht Aonair le Fuaimrian Taca (Sóisear) agus Gradam Scléip 2019 

 

2. ‘ Bohemian Rhapsody’  Katarina Nic Roibeaird, P.S. Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis

Cumtha ag Freddie Mercury (Queen) don albam A Night at the Opera i 1975

An Chéad Áit, Ceol Uirlise Aonair (Sóisear)  


3. ‘Na Blianta Sin’  leis an ngrúpa ‘Arco’, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna

Bunaithe ar an amhrán The Night We Met le Lord Huron 

An Chéad Áit, Grúpa Amhránaíochta le Féintionlacan (Sóisear)

 

4. ‘Daor Mé Chun Báis'  Patricia Ní Leathlobhair, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh

Aistriúchán TG Lurgan ar Take Me To Church le Hozier

An Chéad Áit,  Amhránaíocht Aonair le Féintionlacan (Sóisear)  

 

5. ‘Ar Mo Bhealach’  leis an ngrúpa ‘Rasta Cneasta’, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Aistriúchán ar an amhrán  Send me on my Way le Rusted Root

An Chéad Áit, Grúpa Amhránaíochta le Féintionlacan (Sinsear)  

 
6. ‘Tico Tico ‘  Afraic Ní Bhróithe, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Ceol cumtha ag Zequinha de Abreu
An Chéad Áit, Ceol Uirlise Aonair (Sinsear) 
 
 7. ‘Ní Bheidh Grá Agam Arís’  Lauryn Ní Riain, Coláiste Lú, Dún Dealgan

Aistriúchán ar I'll Never Love Again cumtha ag Lady Gaga/Natalie Hemby/Hillary Lindsey/Aaron Raitiere

An Chéad Áit, Amhránaíocht Aonair le Fuaimrian Taca (Sinsear)

 

8. ‘Tóg Go Bog É’  leis an ngrúpa ‘Anlann Pasta’, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh

Nuachumtha ag baill an ghrúpa

Gradam Nós  (don amhrán nuachumtha is  fearr ag Scléip 2019)

 

9. ‘Cuimhní’  Amy Ní Chléirigh, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Nuachumtha ag Amy Ní Chléirigh 

An Chéad Áit, Amhránaíocht Aonair le Féintionlacan (Sinsear)  

Mar aon leis an earra seo a cheannach, cheannaigh custaiméirí

Picnic Teidí

Amhráin nua agus rannta spraíúla do pháistí cumtha ag Sadhbh Rosenstock. Bí ag spraoi, ag canadh agus ag rince le Picnic Teidí!
€14.99

Gaeilge Bheo!

€12.00

TRUP TRUP A CHAPAILLÍN

CANTAIRÍ ÓGA BHAILE ÁTHA CLIATH
€9.99

FUAIREAS-SA CUIREADH

CANTAIRÍ ÓGA BHAILE ÁTHA CLIATH
€9.99