SEODA CEOIL 1 & 2

Various
SKU: CEFCD203
€14.99

Mar chuid dá chomóradh 60 Bliain, tá Gael Linn ag déanamh atheisiúint ar dhá albam ar a bhfuil laochra ceoil ar nós Willie Clancy, John Kelly agus Séamus Ennis. Eisíodh na halbaim ar fhadcheirníní i 1968-9 ach ní raibh fáil orthu le fada an lá; Gael Linn a d’eisigh, i gcomhar le Comhaltas Ceoltoirí Éireann.

 

Seoda Ceoil 1: Willie Clancy (píb agus feadóg stáin), John Kelly (fidil agus concertina) agus Seán Ó Conaire, amhránaí ar an sean nós. Nuair a céadeisiíodh an taifeadadh, bhí sé le maíomh go raibh 25 den 29 píosa ceoil gan a bheith taifeadta roimhe sin agus go raibh fad 450 troigh ar an téip! Tá 14 ríl, 7 bport dúbalta, 2 phort shingil, 2 phort luascacha, 1 flaing , 1 fonn mall, and 2 amhrán ar an albam.

 

Seoda Ceoil 2: Séamus Ennis (píb) agus Seán Keane (fidil), amhránaí sean nóis Seosamh Ó hÉanaí, agus John Joe Gannon (bosca ceoil)ó Cho. na hIarmhí a dtugann a rogha ceoil léargas dúinn ar oidhreacht na dúiche sin.

 

Tugann an dá albam léargas ar stíl ghlan den cheol traidisiúnta á sheinm ag máistrí ón aimsir 1968-9. Tugtar tús áite do stíleanna agus foinn chontae agus an duine féin. Ní raibh fáil ar na taifeadtaí seo leis na blianta. Anois, tá athmháistriú uimhríoch déanta ar na buntéipeanna agus an dá albam á n-eisiúint ar CD den CHÉAD UAIR. (Bhí sé beartaithe gur sraith d’ocht gceirnín a bheadh ann ach níor eisíodh ariamh ach péire.)


Traicliosta Seoda 1

1. Willie Clancy (Píb/Uilleann Pipes) Old Hag, you have killed me /Old Tipperary (Jigs) A Chailleach, do Mharaís Mé/ Sean Tiobraid Árann (Poirt)

2. Willie Clancy (Píb/Uilleann Pipes) An Buachaill sa mBearna/ Rogha Sheáin Uí Mhaoildeirg (Ríleanna /Reels)
The Boy in the Gap/Seán Reid’s Fancy

3. Willie Clancy (Píb/Uilleann Pipes) The Bold Trainer O (Uileagán Dubh Ó) (Slow Air/Fonn Mall)

4. Willie Clancy (Píb/Uilleann Pipes) Garraí na Saileog Flaing/Port (Jig)

5. Seán Ó Conaire (Amhrán /Song) An Cumann Gearr

6. John Kelly (Consairtín/Concertina) The Old Concertina Reel/Tom Keane's Reel (Reels) Sean Ríl an Chonsairtín/Ríl Thomáis Uí Chatháin (Ríleanna)

7. John Kelly (Consairtín/Concertina) Port Sheáin Uí Cheallaigh/John Kelly's Jig

8. John Kelly (Consairtín/Concertina) The Tinker's Wife/The Flogging Reel (Reels)
Bean an Tincéara/An Scothbhualadh (Ríleanna)

9. John Kelly (Fidil/Fiddle) Bímis ag Ól/Patsy Geary's Jig (Jigs)
Bímis ag Ól/ Port Phádraig Uí Ghaora (Poirt)

10. John Kelly (Fidil/Fiddle) The Moveen Reel/Mary Delany’s (Reels)
Ríl Mhóibhín/ Ríl Mháire Ní Dhubhshláine (Ríleanna)

11. John Kelly (Fidil/Fiddle)Pléaráca Charraig a' Chabhaltaigh/The Humours of Carrigaholt (Ríl/Reel)

12. John Kelly (Fidil/Fiddle) Port Mhichíl Uí Cheallacháin/Mikey Callaghan's Jig (Jig)

13. John Kelly (Fidil/Fiddle) Caher Rua (Ríl /Reel)

14. John Kelly (Fidil/Fiddle) The Cabin Hunter/Delia Crowley's Reel (Reels)
An Biadánaí/Ríl Bhríd Uí Chrualaoich (Ríleanna)

15. Seán Ó Conaire (Amhrán /Song) Ceann gan Árann

16. Willie Clancy (Feadóg Stáin/Tin Whistle) Jim Ward's /Strop the Razor (Jigs)
Port Shéamuis Mhic a' Bhaird/Faobhraigh an Rásúr (Poirt)

17. Willie Clancy, (Feadóg Stáin/Tin Whistle) The Jolly Banger/The Ravelled Hank of Yarn (Reels) An Buailteoir Aerach/An Ceirtlín Snátha in Aimhréidh (Ríleanna)

18. Willie Clancy, (Píb/Uilleann Pipes) The Humours of Derrykrosane /Hardiman the Fiddler (Slip Jigs)Pléaráca Dhoire an Chreasáin/ An Fidléir Ó hArgadáin (Poirt Luacacha)

19. Willie Clancy, (Píb/Uilleann Pipes) Fraher's Jig/ Port Uí Fhearchair

Traicliosta Seoda 2

1. Seamus Ennis (Píb/Uilleann Pipes) Cois Abhann na Séad (Fonn /Air) Cornphíopa Uí Cheallacháin/O'Callaghan's Hornpipe

2. Seán Keane (Fidil/Fiddle) An Crann Dara/ The Oak Tree (Ríl /Reel )

3. Seosamh Ó hÉanaí (Amhrán/Song) Amhrán na Páise

4. Seamus Ennis (Píb/Uilleann Pipes) Miss Monaghan / The Flags of Dublin /Hand me Down the Tackle (Reels)Iníon Uí Mhuineacháin /Leacacha Bhaile Átha Cliath/Sín Anuas an Fearas (Ríleanna)

5. J. J. Gannon (Bosca Ceoil/ Accordion) James Gannon's Jig / The Castlebar Races (Double Jigs) Port Shéamuis Uí Ghanáin / Rásaí Chaisleáin a' Bharraigh (Poirt Dhúbalta)

6. Seosamh Ó hÉanaí (Amhrán /Song) D'éirigh mé ar Maidin (Siobhán Ní Dhuibhir)

7. Seán Keane (Fidil/Fiddle) Jennie's Welcome to Charlie/The Connaught Heifer (Reels) Fáilte Shinéid/An Bearach Connachtach (Ríleanna)

8. Seán Keane (Fidil/Fiddle)The Wind that Shakes the Barley/ Drowsy Maggie (Reels) Gaoth Suaite na hEorna/Míogarnach Mhairéide (Ríleanna)

 

9. Seamus Ennis (Píb/Uilleann Pipes) Crónán na Máthar (Fonn/Air) Fr. Jack Walshe/ An tAthair Jack Walshe (Double Jig/Port Dúbalta)

10. Seosamh Ó hÉanaí (Amhrán /Song) A Chailín Bhig na Luachra 

11 J. J. Gannon (Bosca Ceoil/ Accordion) The Green Gates /Miss Thornton (Reels) Na Geataí Glasa/ Iníon Uí Dhroighneáin (Ríleanna)

12 Seán Keane (Fidil/Fiddle) Willie Clancy's Fancy /Garrett Barrett's Fancy (Double Jigs) Rogha Liam Mhic Fhlanncha/Rogha Ghearóid de Barra (Poirt Dhúbalta )

13 Seamus Ennis (Píb/Uilleann Pipes) Colonel Frazer/The Braes of Bushy (Reels) An Coirnéal Frazer/Breithe Bushy (Ríleanna)

14 J. J. Gannon (Bosca Ceoil/ Accordion) Tom Moran's Fancy /The Streamstown Jig (Single Jigs) Rogha Thomáis Uí Mhóráin/Port Bhaile an tSrutháin (Poirt Shingil)

15 Seamus Ennis (Píb/Uilleann Pipes) O'Keeffe's Plough /The Merry Blacksmith/ The Music of the Forge (Reels)Céachta Uí Chaoimh/An Gabha Súgach/ Ceol na Ceárta (Ríleanna)

 

Mar aon leis an earra seo a cheannach, cheannaigh custaiméirí

Tuile agus Trá – The Flowing Tide

Micheál Ó hAlmhain
€14.99

BINN BLASTA

Various
€9.99