Chuaigh clú Skara Brae i bhfad agus i gcéin nuair a d’eisigh Gael Linn an t-aon albam leo sa bhliain 1971. Ón áitreabh neoliotach atá suite ar Inis Orc a thagann an t-ainm. Triúr ó chlann Uí Dhomhnaill, Maighread, Tríona agus Mícheál, ó Cheanannas, Co. Na Mí, agus Dáithí Sproule ó Chathair Dhoire na baill a bhí sa ghrúpa. Sa samhradh i Rann na Feirste a bhuaileadh siad ceol le chéile ar dtús. Bhí siad ar maos san oidhreacht shaibhir amhránaíochta ansin agus d’fhoghlaim siad a lán amhrán ó Neilí, aintín Mhuintir Uí Dhomhnaill agus óna n-athair fosta, Aodh Ó Domhnaill, amhránaí agus bailitheoir.
S’iad a bhí óg nuair a thaifead siad le Gael Linn, idir 15 agus 20, agus cé go bhfuil sé dochreidte, rinneadh an taifead in aon tráthnóna amháin.
Léiríonn an t-albam seo go cumhachtach an cóiriú uathúil agus trialach a rinne Skara Brae leis an traidisiún dúchasach amhránaíochta. Bhíothas i ndiaidh teacht faoi thionchar Bob Dylan, Joni Mitchell agus Pentangle mar shampla agus coinníonn a bhfuaim a huaire go dtí an lá atá inniu ann, leathchéad bliain ar aghaidh cé go raibh idir iontas agus amhras ar dhaoine éagsúla faoina gcuid comhcheoil agus faoin tionlacan ar an ghiotár.
Sa bhliain 2022 bhronn TG4 gradam speisialta ar Skara Brae as a raibh déanta acu le suim a spreagadh i dtraidisiún amhránaíochta a bhí i mbaol a chaillte. Tá an-áthas mar sin ar Gael Linn an t-atáirgeadh álainn seo ar vinil a chur ar fáil arís. Sa phacáiste fosta tá leabhrán 12 leathanach le píosaóna gcara Jim McCluskey agus ón fhile Gabriel Rosenstock.
Is earra inbhailithe gan dabht an fadcheirnín seo nach gcosnaíonn ach €20.00