Teach Teidí

le Sadhbh Rosenstock
SKU: CEFCD219
€14.99

Fáilte chuig Teach Teidí! Téimis ina theannta go tír na samhlaíochta, áit a mbeidh Bricfeastasár, Foghlaí Mara, Capall Draíochta agus neart carachtar eile ar bís le bualadh libh! Foghlaimeoidh sibh amhráin agus rannta spraíúla nuachumtha ag Sadhbh Rosenstock.

 

Is cumadóir, scríbhneoir amhrán, múinteoir bunscoile agus údar as Baile Átha Cliath í Sadhbh Rosenstock. D'eisigh Gael Linn an ceirnín Picnic Teidí sa bhliain 2020. Scór amhrán agus rann a chum Sadhbh a bhí ann.

Tá ríméad uirthi a bheith ag obair le Gael Linn arís i mbliana ar cheirnín nua dar teideal Teach Teidí. Tá Teidí agus a chlann ar ais arís le tuilleadh eachtraí agus beidh spórt is spraoi ag gach éinne i dTeach Teidí! Yipí!

 

  1. Teach Teidi
  2. Buzaí Bumbóg
  3. Foghlaí Mara
  4. An Róbat
  5. Capall Draíochta
  6. Seó Puipéad
  7. Spáslong sa Ghairdin
  8. Slat Draíochta
  9. Parlús Uachtair Reoite
  10. Scátaí Rothacha
  11. Teachín Arán Sinséir
  12. Ag Réaltóireacht
  13. Bricfeastasár
  14. Ag Campáil
  15. Saoire Safari
  16. Balún Aer Te
  17. Bácús Teidi
  18. Mo Chara Buan
  19. Fuilibiliú!
Mar aon leis an earra seo a cheannach, cheannaigh custaiméirí

Seán Ó Sé Saol in Song a Story

Seán Ó Sé
€19.99

Picnic Teidí

Amhráin nua agus rannta spraíúla do pháistí cumtha ag Sadhbh Rosenstock. Bí ag spraoi, ag canadh agus ag rince le Picnic Teidí!
€14.99