Fáinne Óir

Cód:   F005

Praghas: €100.00

Tiontaire Airgeadra
An Fáinne – do nasc leis an nGaeilge  Is siombail choitianta tras-chultúrtha é fáinne a sheasann don aontacht agus don leanúnachas.  Ní bhíonn tús nó deireadh leis, ná deighilt ar bith ann, agus léiríonn sé comhlántacht agus síoraíocht.   Tá An Fáinne mar shiombail ar an nasc atá agat leis an nGaeilge.  Caitear An Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge agat agus go bhfuil tú toilteanach í a labhairt.   Is do dhaoine le cumas bunúsach sa Ghaeilge atá an Fáinne Airgid. Léiríonn an Fáinne Óir go bhfuil líofacht sa Ghaeilge agat. Tá an Seanfháinne (Ór) ar fáil chomh maith dóibh siúd gur mhaith leo é.   Tá suaitheantas den teideal 'Cúpla Focal' ar fáil dóibh siúd ar bheagán Gaeilge atá bródúil as an gcúpla focal atá acu.  Bronntar Duais an Fháinne i gComórtas idirnáisiúnta Ghlór na nGael ar an gcoiste áitiúil is mó a chuireann fealsúnacht agus caitheamh An Fháinne chun cinn.   Bioráin ar ard-chaighdeán, atá snasta, loinnreach agus álainn.  Caith An Fáinne – léirigh do nasc leis an nGaeilge Ar bheagán Gaeilge? Léirigh tacaíocht tríd an suaitheantas “Cúpla Focal” a chaitheamh. Roghnaigh An Fáinne a oireann don leibhéal cumais atá agat.

Ceannaigh ar líne anois - www.gael-linn.ie, lascaine 10% ar ordaithe de 25 suaitheantas nó níos mó.  

Fáinne Óir € 6.00 
Fáinne Óir €100.00
Fáinne Airgid € 4.50
Seanfháinne € 7.50 
Cúpla Focal € 4.50

Méid